Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 49: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: "Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6): "(7) Déanfaidh an tSeirbhís Chúirteanna tuarascáil a ullmhú, a fhoilsiú, agus a chur faoi bhráid an Aire agus Thithe an Oireachtais, tráth nach déanaí ná bliain ó achtú an Achta seo, ina leagfar amach moltaí faoi conas na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach agus amchlár le haghaidh an dul chun cinn a bheadh ag teastáil chun na cuspóirí sin a bhaint amach roimh an 1 Eanáir 2030: (a) go dtabharfar gach breithiúnas agus doiciméad cúirte agus go ndréachtófar gach ordú sa chás sa teanga oifigiúil nó sa dá theanga oifigiúla de réir mar atá roghnaithe ag na páirtithe a úsáid in imeachtaí in aon chás ar leith; (b) gur trí mheán na Gaeilge a sheolfar na himeachtaí i gcás suí cúirte laistigh den Ghaeltacht, gan dochar do chearta aon pháirtí nó finné a rogha teanga a úsáid faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo; (c) go reáchtálfar suí amháin den Chúirt Dúiche agus suí amháin den Chúirt Chuarda sa limistéar sin ar a laghad in aghaidh na bliana i gcás dúiche den Chúirt Dúiche nó cuaird den Chúirt Chuarda a bhfuil limistéar Gaeltachta inti; agus (d) go reáchtálfar suí amháin den Chúirt Dúiche ar a laghad agus suí amháin den Chúirt Chuarda ar a laghad in aghaidh an téarma dlí i nGaeltacht Dhún na nGall, i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Chiarraí.".". --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06