Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 50: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: "Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6): "(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn 'Acht 1961' Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961. (b) Leasaítear alt 5 d'Acht 1961 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): '(8) (a) Beidh an cumas ag aon duine cáilithe de réir an ailt seo Bunreacht na hÉireann a léamh agus a thuiscint ina iomláine sa dá theanga oifigiúla sula gceapfar é nó í ina Bhreitheamh nó ina Breitheamh den Chúirt Uachtarach. (b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le gach ceapachán a dhéanfar tar éis theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 .'.".". --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06