Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 51: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: "Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6): "(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn 'Acht 2008' Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge), 2008. (b) Leasaítear alt 1 d'Acht 2008— (i) trí ", a mhéid is réasúnach di déanamh amhlaidh,", i bhfo-alt (2), a scriosadh, (ii) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): '(2A) Déanfaidh an Chomhairle na socruithe cuí chun a chinntiú go mbeidh 20 faoin gcéad ar a laghad díobh siúd a nglacfar leo chun cleachtadh mar abhcóidí dlí sna Cúirteanna in aghaidh na bliana amhail ón 31 Nollaig 2030 inniúil sa Ghaeilge ionas gur féidir leo an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla; 30 faoin gcéad ar a laghad amhail ón 31 Nollaig 2035; agus 40 faoin gcéad ar a laghad amhail ón 31 Nollaig 2040;'. (c) Leasaítear alt 2 d'Acht 2008— (i) trí ", a mhéid is réasúnach dó déanamh amhlaidh," a scriosadh", (ii) trí na focail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "lena chleachtadh trí Bhéarla.": '(ba) Déanfaidh an Cumann na socruithe cuí chun a chinntiú go mbeidh 20 faoin gcéad ar a laghad díobh siúd a nglacfar leo mar aturnaetha in aghaidh na bliana amhail ón 31 Nollaig 2030 inniúil sa Ghaeilge ionas gur féidir leo an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla; 30 faoin gcéad ar a laghad amhail ón 31 Nollaig 2035; agus 40 faoin gcéad ar a laghad amhail ón 31 Nollaig 2040.'.". --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06