Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Pa Daly (SF), Kerry Tairgim leasú Uimh. 55: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: "Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): "(1A) (a) San fho-alt seo— ciallaíonn 'Acht 1961' an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961; tá le 'sín tráchta' an bhrí chéanna atá leis in alt 95 (arna leasú le halt 37(a)(ii) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994) d'Acht 1961. (b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le síneacha tráchta nua a chuirfear in airde tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, nó i gcás aon athnuachan nó athchóiriú a dhéanfar ar sheansín tráchta tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, lena n-áirítear na síneacha sin a bhfuil feidhm ag Rialacháin faoi alt 95(2) d'Acht 1961 maidir leo agus na síneacha sin a bhfuil feidhm ag ordachán faoi alt 95(16) den Acht sin maidir leo. (c) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le síneacha a bhí in airde roimh theacht i ngníomh an Achta seo seachas i gcás go mbeidh athnuachan nó athchóiriú á déanamh nó á dhéanamh orthu. (d) Faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, maidir le haon sín tráchta a chuirfear in airde in aon suíomh sa Stát, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh sí d'ainneoin aon achtachán eile. I gcás sín tráchta i nGaeilge agus i mBéarla araon: (i) beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús; (ii) beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach leis an téacs i mBéarla nó níos feiceálaí ná é, chomh sofheicthe leis nó níos sofheicthe ná é, agus chomh hinléite leis nó níos inléite ná é; (iii) ní bheidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla; (iv) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl; (v) ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, arb é an t-aistriúchán air é, giorraithe freisin; (vi) i gcás gurb ionann an téacs i nGaeilge agus an téacs i mBéarla nó gurb ionann logainm nó fuaimniú logainm i nGaeilge agus i mBéarla, is leor an leagan Gaeilge; (vii) d'ainneoin ghinearáltacht an fho-ailt seo, féadfar síneacha tráchta a chur in airde ar síneacha iad atá de réir Chóras Idirnáisiúnta na nAonad arna ghlacadh ag an Bureau Internationale des Poids et Mesures, arna bhunú le Coinbhinsiún an Mhéadair a síníodh i bPáras in 1875; agus (viii) i gcás ordú logainmneacha faoi alt 32 a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfar an leagan Gaeilge den fhocal nó de na focail a bheidh sonraithe san ordú a úsáid in aon síneacha tráchta a chuirfear in airde. (e) I gcás go mbeartófar sín tráchta i nGaeilge agus i mBéarla a shuíomh, agus de thoradh téacs sa dá theanga sin a bheith uirthi, go mbeadh an tsín rómhór, gur dheacair í a léamh nó gur dhócha go mbeadh sí ina bacainn, nó gur dhócha, le linn do dhaoine í a léamh, gur bhaol dóibh féin nó do dhaoine eile a bheadh inti, féadfar, ina ionad sin, dhá shín a chur ar an suíomh sin, a mbeidh an fhaisnéis lena mbaineann i nGaeilge ar cheann amháin díobh agus i mBéarla ar an gceann eile, ar choinníoll go ndéanfar na forálacha i bhfomhíreanna (c)(ii) go (viii) a chomhlíonadh. (f) I gcás coimhlint nó díospóid maidir le logainm i suíomh ar bith sa Stát, déanfar cinneadh maidir leis an leagan oifigiúil ceart de réir ailt 31 agus 32, agus cloífidh gach comhartha bóthair lena gcinntí.".". Tugadh aird ar go raibh athainmniú na hÉireann faoi bhrú ó innealtóirí a tháinig as Sasana tuairim is 200 bliain ó shin leis an Ordnance Survey, gur éagóir a bhí ann, agus go bhfuil orainn é a cheartú. Bhí na hainmneacha nádúrtha agus bhí a lán staire agus timpeallacht iontu ag an am sin. Um an dtaca sin, tugadh ainmneacha seafóideacha uaireanta. Tugadh Snave ar an áit in iarthar Chorcaí darb ainm Snámh. Luaigh mé Skeheenarinky cheana féin, cé gur Sceichín an Rince an t-ainm air. Is amhlaidh an scéal in Úlla i Luimneach. Labhair mé mar gheall ar an play ag Brian Friel faoin trauma a tharla ag an am sin. Is trua go bhfuil toradh na tragóide sin ann faoi láthair. Thart ar 100 bliain ó shin, aistríodh roinnt ainmneacha ar nós Dún Laoghaire agus Port Laoise. Ní raibh aon fhadhb leis sin agus is féidir leis an bpobal na hainmneacha a úsáid. D'aistrigh sinn féin é sin agus beimid bródúil as. Nuair a bhíomar ag caint leis an gCoimisinéir Teanga ón mBreatain Bheag, dúirt sé nach raibh aon chostas ag baint leis na comharthaí bóthair a d'aistrigh siad go cinn nua. Ní raibh aon chostas breise toisc go raibh na comharthaí á athrú acu ar aon nós. Tá eisceachtaí ann nuair a bhíonn ainmneacha i dteangacha eile a tháinig chun na tíre leis na Lochlannaigh, na Normannaigh, nó daoine as Albain nó Uladh. D'fhéadfadh go mbeadh eisceachtaí ann mar gheall ar chúrsaí turasóireachta agus mar sin de. Tá sé tábhachtach go mbeadh na hainmneacha Gaeilge chun tosaigh agus suite níos airde nó ar an leibhéal céanna leis an ainm Sasanach nó Béarla. Má tá sé ar intinn ag an tAire Stáit na leasuithe seo a dhiúltú, déarfainn leis go dtugann siad a lán soiléireacht agus míniú don teanga agus nach mbeadh aon chostas breise ag baint leo. Cúpla seachtain ó shin, bhíos ag caint le daoine i nDún Chaoin a bhí ag iarraidh clós súgartha a thógáil ina gceantar. Tá orm mo bhuíochas a ghabháil leis an Office of Public Works agus an tUasal Ó Buachalla a bhí i bhfabhar é sin chun taispeántas agus ráiteas a dhéanamh ionas go mbeadh an Ghaolainn feicthe sa phobal agus seans a thabhairt do dhaoine agus leanaí a bheith ag caint as Gaolainn sa phobal. Dá mbeadh na comharthaí bóthair le feiceáil agus daoine ag tiomáint, bheadh sé sin i bhfad níos fearr. Dúirt an coimisinéir ón Bhreatain Bheag nach féidir an t-ainm Swansea a fheiceáil ar na bóithre. Is é Abertawe an t-aon ainm a fheictear nuair a bhítear ag tiomáint ansin. Sin iad mo thuairimí ar an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06