Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá an t-ábhar seo tábhachtach agus níor chóir go mbeadh orainn é seo a dhéanamh. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann labhairt faoi leis an Aire, an Teachta Varadkar, toisc go raibh seisean den tuairim gur cheart é seo a dhéanamh agus gheall sé go dtarlódh sé nuair a bhí sé ina Aire Iompair tamall de bhlianta ó shin. Is leasú simplí é seo. Mar a dúirt Dubhghlas de hÍde, sular ceapadh é mar chéad Uachtaráin an Stáit, i léacht an-cháiliúil in 1892 - bliain sular bhunaigh sé Conradh na Gaeilge - dar teideal, "The Necessity of De-Anglicising the Irish Nation": I hope and trust a native Irish Government will be induced to provide for the restoration of our place-names on something like a rational basis. Níor tharla sé seo. Tá ceantair ann ina bhfuil na hainmneacha Béarla agus an tslí inar ghalldaíodh ainmneacha Gaeilge le feiceáil timpeall na tíre agus fós i mbarr a réime. Tá ceantair ann gur masla do stair na hÉireann é an t-ainm coilíneach a choimeád. Tá an t-ádh linn nach nglaoitear Kingstown ar Dhún Laoghaire a thuilleadh nó Marysborough nó a leithéid de sin, ach tá Charleville á ghlaoch ar Ráth Luirc agus tá áiteanna mar sin. Níl mé ag caitheamh anuas ar dhaoine atá ina gcónaí sna ceantair sin. Is é an rud atá i gceist ná go mbeadh meas againn ar an mbunteanga. Uaireanta, bíonn leaganacha ónár stair gur chóir dúinn iad a choimeád ach is minic a bhíonn níos mó mínithe sa leagan Gaeilge ach bíonn sé caillte mar go bhfuil sé in italics nó i roinnt cásanna fós, sa stíl sean-Ghaeilge. Is féidir le roinnt againn é sin a léamh ach tá a lán daoine eile nach bhfaca riamh iad an sean-stíl - an cló Gaelach - agus nach dtuigeann an séimhiú nó an consan buailte agus a leithéid. Bíonn síntí fada go minic in easnamh ar na comharthaí bóithre seo. Ní costas mór a bheadh i gceist láithreach mar nach bhfuil sé i gceist againn go mbeadh daoine ag dul timpeall ag tarraingt síos na gcomharthaí bóithre agus ag fáil réidh leo. Is é an t-aon áit a dtarlódh sé sin ná sna háiteanna nach bhfuil aon Ghaeilge in aon chor ann. Tá an iomarca eastáit thithíochta timpeall na cathrach agus in áiteanna eile nach bhfuil ach comhartha i mBéarla orthu agus ní cóir dó sin tarlú. Sa chás seo, nuair atá athrú ag tarlú agus tarlaíonn sé anois is arís go mbeadh athrú déanta, bheadh tús áite ag an nGaeilge agus comharthaí dátheangacha ann. Sna ceantair Ghaeltachta, is i nGaeilge amháin a bheidís, mar a tharlaíonn i mbeagnach gach uile áit eile a bhfuil a leithéid de Ghaeltacht ann, amhail Albain agus an Bhreatain Bheag. Bíonn an féinmheas ag an bpobal i dtíortha eile chun an teanga a aithint. Deir daoine go mbeadh na turasóirí caillte. Brúnn siad Google Earth nó Google Maps anois. Brúim Google Maps ar mo fhón agus tagann sé suas i nGaeilge. Bím caillte uaireanta mar go mbíonn aithne agam ar an áit i mBéarla agus bíonn orm míniú a fháil air. Ní dhéanann sí difríocht. Tá a fhios agam cá bhfuil mé ag dul. Má chuirim rud isteach i mBéarla, tagann an léarscáil suas i nGaeilge. Is féidir é a dhéanamh. Ní dhéanann sé dochar ar bith. Cad is brí le "is rud é ó thaobh turasóireachta de"? Má théitear go dtí an Bhreatain Bheag, ceistítear an litriú agus an bhrí taobh thiar dó, déantar é a lorg ar an bhfón póca nó ceannaítear an treoir thurasóireachta atá ann, agus iarrtar cad atá taobh thiar den ainm. Tá míniú iontach ar gach uile rud sna hainmneacha atá timpeall na tíre. Tá ainm ar gach uile cas, bóthar agus páirc. Tá stair taobh thiar de gach rud. Má tá na logainmneacha caillte agus galldaithe, táimid ag déanamh bréagnaithe ar ár n-oidhreacht. Ní ceist Ghaeilge agus Ghaeltachta amháin í seo. Is ceist oidhreachta í. Ba chóir dúinn glacadh leis seo agus ní dhéanfadh sé mórán ualach a chur orainne mar Stát. Chuirfeadh sé ar na comhairlí áitiúla déileáil i gceart leis an nGaeilge. Tá polasaithe maithe i gcomhairle Bhaile Átha Cliath. Níl a fhios agam an bhfuil an polasaí céanna ó thaobh chomharthaí bóithre, ainmniú eastáit thithíochta agus a leithéid. An bhfuil sé coitianta trí na tíre? Mura bhfuil, is jab eile é sin dúinn déileáil leis chun go mbeadh sé ag tarlú amach anseo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06