Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tacaím leis an leasú seo. Ní féidir smaoineamh ar bhealach níos éasca chun a chur in iúl gur tír dhátheangach atá againn agus go bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge. Tá sé ag teacht leis an méid atá sa straitéis 20 bliain agus leis an bplean ghníomhaíochta chomh fada is go gcuirimid an Ghaeilge i lár an aonaigh agus go mbeidh sí i bhfad níos feiceálaí. Is bealach é seo. Níl airgead breise i gceist. Táimid ag caint faoi chomharthaí nua. Nílimid ag breathnú siar ach ag cur in iúl gur tír dhátheangach í seo agus go bhfuilimid bródúil as ár bhféiniúlacht agus an éagsúlacht atá againn. Níl mórán eile le rá agam. Tá sé chomh simplí éifeachtach sin agus níl a fhios agam cén fáth nach bhfuilimid ag seasamh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06