Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tagann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre faoi scáth na Roinne Iompair. Níl sé ina ábhar don reachtaíocht seo. Tuigim gur ceist í seo atá ardaithe ag Conradh na Gaeilge agus ag daoine eile go minic agus ag an Teachta Ó Dálaigh sa Dáil. Tá a fhios agam gur chuir an Roinn Iompair scéim phíolótach ar bun roinnt blianta ó shin ach níor leanadh ar aghaidh leis sin. Chas mé leis an Aire, an Teachta Eamon Ryan, níos túisce i mbliana chun an cheist seo a phlé agus d'iarr mé air athmhachnamh a dhéanamh air. Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06