Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Is trua é sin. Tá an leasú ag déileáil leis an dualgas reachtúil ó thaobh na Gaeilge de. Is minic a deirtear nach bhfuil feidhm ag an mBille ó thaobh chomharthaí tráchta agus a leithéid agus ba chóir go mbeadh sé i reachtaíocht faoi chóras iompair, chomhairlí contae nó pé áit. Is é seo an áit is cuí. Is é seo an áit gur féidir linn é a dhéanamh. Má thagann reachtaíocht eile, is féidir é a bhogadh nó cur leis amach anseo. Ba chóir dúinn glacadh leis seo agus déanamh cinnte de go bhfuil sé seo ag tarlú. Tá sé geallta thar na blianta. Ní fheicim aon duine ag cur ina choinne mar nach bhfuil aon chostas i gceist. Aontaíonn daoine leis. Ba chóir go mbeadh sé rite agus achtaithe i reachtaíocht. Ní cheart go mbeadh aon dabht ann faoi dhualgais na gcomhairlí contae agus faoi dhualgais an Stáit. Ba chóir go mbeadh ar aon duine atá ag cur chomharthaí tráchta suas na coinníollacha atá leagtha síos anseo a chomhlíonadh. Is ait liom nach bhfuil an tAire Stáit sásta déileáil leis an gceist seo sa tslí atá leagtha síos sa lasú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06