Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 60: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): "(2A) (a) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoiste Comhairleach, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach moltaí sonracha agus amchlár chun a chinntiú, i gcás go ndéanann comhlacht poiblí cumarsáid a thionscnamh le duine, le haicme den phobal, nó leis an bpobal, nach mór dó é sin a dhéanamh sa dá theanga oifigiúla mura mbeidh a rogha teanga tugtha ag an duine lena bhfuil cumarsáid á déanamh aige roimh ré, nó más eol dó gur i limistéar pleanála teanga Gaeltachta, de réir Acht na Gaeltachta, 2012, atá cónaí ar an duine lena bhfuil cumarsáid á déanamh aige go bhféadfaidh sé an chumarsáid a dhéanamh sa Ghaeilge amháin. (b) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar chomhlacht poiblí cumarsáid a thionscnamh sa dá theanga oifigiúla araon nó sa Ghaeilge amháin sula n-eiseofar an tuarascáil nó an t-amchlár de réir fho-alt (1).".". --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06