Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 62: 4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): “(4) Cuirfidh comhlacht poiblí an pobal ar an eolas, trí thairiscint ghníomhach, faoi na seirbhísí a fhéadfaidh daoine a fháil uaidh trí mheán na Gaeilge.”.” Gheall an tAire Stáit dúinn agus muid ag plé seo roimhe seo go ndéanfadh sé tairiscint ghníomhach a thabhairt isteach maidir leis na seirbhísí Gaeilge. Is é sin go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a fhógairt don phobal go bhfuil seirbhísí ar fáil as Gaeilge. Tá súil agam go gcabhródh na leasuithe seo faoi bhfógraíocht le margaíocht a dhéanamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Má táimid ag iarraidh daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a labhairt, ba chóir mbeidís ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge mar default agus go mbeadh ar dhuine an Béarla a lorg seachas a mhalairt, mar atá ag tarlú faoi láthair. Faoi láthair bíonn ort dul ag lorg agus is minic nach léirítear dúinn go bhfuil seirbhísí ar fáil agus go gcuirtear faoi cheilt iad orainn. Ní gá ach féachaint ar roinnt de na suíomhanna Idirlín. Brúnn tú an cnaipe do Bhéarla nó Gaeilge ach i gcónaí tagann sé suas go huathoibríoch as Béarla ar aon cheann de na suíomhanna. Ar a laghad má tá cnaipe ann, tuigfidh daoine go bhfuil sé ann agus go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil i nGaeilge. Má théann daoine isteach in aon cheann de na hoifigí atá ag an Stát ní bhíonn an tseirbhís Ghaeilge ar fáil. B'fhéidir go bhfuil an leaid sin a bhí ag obair ag An Post ar fáil ach go bhfuil sé ar a lón inniu. Is gá go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil an tseirbhís ar fáil. Uaireanta, toisc go nglacann an pobal leis nach bhfuil sé ar fáil, ní lorgaíonn siad é. Ní lorgaíonn siad cóip de rud i nGaeilge nó foirm i nGaeilge. Líonann siad isteach pé rud atá os a gcomhair mar go bhfuil deifir orthu nó a leithéid. Sin an sórt rud atá i gceist, go mbeadh iachall ar na comhlachtaí poiblí a rá, a chraobhscaoileadh agus a fhógairt go bhfuil pé seirbhísí atá acu ar fáil as Gaeilge. Nuair atá an reachtaíocht seo achtaithe agus i bhfeidhm, cuirfear leis an méid seirbhísí atá ar fáil acu. Faoi láthair tá fíorbheagán seirbhísí ag a lán acu nó níl seirbhís ar bith ann ach diaidh ar ndiaidh beidh níos mó ar fáil. Tá sé tábhachtach dá réir go bhfuil a fhios ag daoine, ní hamháin go bhfuil an tseirbhís ar fáil, ach go bhfuil sí á chraobhscaoileadh. Dá réir, tiocfaidh daoine ag lorg na seirbhíse agus beidh muid in ann a léiriú go bhfuil an tseirbhís ann. Go minic deir daoine nach bhfuil aon duine ag lorg na seirbhíse as Gaeilge nó nach n-úsáideann daoine an tseirbhís ach nuair a chuirtear ceist orthu ar fhógair siad í nó an ndúirt siad le daoine go raibh an tseirbhís ar fáil, 100% den am ní bhíonn siad tar éis aon obair a dhéanamh chun craobhscaoileadh a dhéanamh. Leasú beag simplí atá i gceist anseo. Níl aon chostas i gceist, ach a mhalairt mar bheadh sé seo ag tabhairt tacaíochta do na heagrais. Má tá siad ag cur seirbhíse ar fáil nó ag cur duine ag déanamh na hoibre sin, cinntíonn sé seo go bhfuil tairbhe ag teacht as agus go bhfuil buntáiste ag dul don chomhlacht. Má dhéanann siad craobhscaoileadh b'fhéidir go bhfaighidh siad níos mó poiblíochta agus níos mó dea-thoil ón bpobal de thairbhe go bhfuil an tseirbhís ar fáil agus an t-aitheantas go bhfuil an tseirbhís ann. B’fhéidir go bhfaighidh siad poiblíocht ó na meáin Ghaeilge nó na heagrais Ghaeilge ag maíomh as agus ag moladh an chomhlachta dá réir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06