Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Is leasú thar a bheith simplí an leasú seo. Tá súil agam go bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis mar cad atá i gceist anseo ach beart réamhghníomhach chun a chinntiú go bhfuil a fhios ag daoine le Gaeilge go bhfuil seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge? Ní thuigim cad í an fhadhb anseo. Is teanga oifigiúil na tíre í an Ghaeilge agus tá an leasú simplí seo ag rá gur chóir cur in iúl do dhaoine go bhfuil seirbhísí ar fáil. Baineann sé i ndáiríre le mo leasú féin, Uimh. 1, atá as ord. An fáth go bhfuil sé as ord ná nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille. Tá a fhios agam nach féidir caint faoi rud nuair atá sé as ord ach ba mhaith liom é a tharraingt isteach anseo mar baineann an méid a bhí i gceist agam le leasú Uimh. 1 leis seo. An rud a bhí á rá agam ná comhthéacs a chur leis an mBille ionas go dtuigeann muid cén fáth go bhfuil an Bille seo ag teastáil. Sin an méid a bhí i gceist agam. Seo brí an Bhille, dar liom. Bhí mé ag iarraidh na habairtí seo a chur isteach: ... chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn; [sé sin, í a normalú] dá chinntiú go mbeidh [ligfidh mé leis sin mar ní bhaineann sé leis an leasú seo, ach tá sé thar a bheith tábhachtach agus baineann sé le cúrsaí earcaíochta] … dá chinntiú go mbeidh an ceart ag aon duine ainm agus seoladh i nGaeilge a úsáid; dá chinntiú go mbeidh seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ... Sin an t-alt agus tá sé as ord. Ní thuigim agus ní aontaím leis an gcinneadh atá déanta go bhfuil sé as ord. Níl aon airgead i gceist agus cuireann sé leis an mBille agus an bhrí. Tá sé ceangailte, i ndáiríre, leis an rud atá taobh thiar den leasú seo, sé sin, an Ghaeilge a normalú agus a éascú. Má táimid i ndáiríre, sin iad na rudaí is lú a chaithfidh muid a dhéanamh. Tá mé ag tnúth le freagra an Aire Stáit. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06