Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Maidir leis na leasuithe atá as ord, níl aon ról agam i ndáiríre i rialuithe a dhéantar maidir le leasuithe a bheith in ord nó as ord. Is ceist don Cheann Comhairle í sin. Mar is eol do na Teachtaí, sa chás go rialaítear leasú as ord tá an deis ag Teachtaí é a athdhréachtú ionas go mbeidh sé in ord do Chéim na Tuarascála. Mura ndéanann Teachtaí é sin, nó má dhéanann siad iarracht ach nach n-éiríonn leo, is leo siúd a bhaineann sé. Maidir le leasú Uimh. 62, tá tábhacht ar leith ag baint leis an tairiscint ghníomhach go háirithe chun daoine a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh agus a úsáid. Tuigim go bhfuil an tairiscint ghníomhach mar chuid lárnach den chur chuige ó thaobh cúrsaí teanga sa Bhreatain Bheag. Ba mhaith liom a chinntiú go ndéanfaimid amhlaidh anseo in Éirinn agus dá bhrí sin tá mé ag súil go mbeidh an tairiscint ghníomhach luaite go sonrach sna caighdeáin teanga atá á dhréachtú agus atá le teacht in áit córas na scéimeanna teanga. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06