Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Seán Ó Fearghaíl (CC), Kildare South Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Is iontach iad na freagrachtaí atá leagtha agat orainn. Ar aon nós, tá an t-am istigh don díospóireacht seo. Ó tharla an t-am a cheadaítear le haghaidh na díospóireachta seo a bheith caite, ní foláir dom an cheist seo a leanas a chur, de réir ordú na Dála an 5 Deireadh Fómhair: "Go ndéantar leis seo ar an mBille na leasuithe atá curtha síos ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus nach bhfuil curtha de láimh, agus na cinn sin ar gá athchúrsa i gcoiste ina leith, sa ghnáthchúrsa san áireamh; go gcríochnaítear leis seo an Ceathrú Céim; agus go ndéantar leis seo an Bille a rith." --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06