Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le gach Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht seo inniu agus le linn Céim an Choiste. Bhí díospóireacht an-mhaith ann agus bhí ionchur fiúntach ag gach Teachta ar an dá thaobh den Teach. Sílim go bhfuil Bille níos fearr againn dá bharr. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis an Seanadóir Seán Kyne, a fuair cead ón Rialtas roimhe seo an Bille a fhoilsiú dhá bhliain ó shin. Táim ag súil le dul isteach sa Seanad anois leis an mBille a phlé arís. Luaigh an Ceann Comhairle agus Teachtaí eile go raibh Rannóg an Aistriúcháin agus Oifig na mBillí fós ag obair i lár na hoíche Dé Luain chun go mbeadh gach rud réidh don díospóireacht seo. Bhí foireann mo Roinne ag obair i lár na hoíche chomh maith an oíche sin. Ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghlacadh leo siúd agus le foireann an Oireachtais as a dtiomantas don phróiseas reachtaíochta. Ní neart go cur le chéile. Is meitheal atá san obair seo uilig agus tá gach duine – na Teachtaí agus an fhoireann - le tréaslú as an éacht atá déanta anseo. Go raibh míle maith agaibh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06