Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit, le Ruadhán agus leis an bhfoireann ar fad sa Roinn a bhí ag déileáil leis seo. In ainneoin nár aontaigh muid ar gach rud, tá an Bille seo i bhfad Éireann níos fearr ná mar a bhí nuair a smaoiníodh air ar dtús in 2013. Táimid tar éis céim chun tosaigh a ghlacadh. Tá sé i bhfad Éireann níos fearr dó bheith níos fearr. Sin an fáth go raibh leasuithe agam. Cosúil le gach duine eile, gabhaim mo bhuíochas le hOifig na mBillí go háirithe as an obair a rinneadar agus le m’oifig féin, le hEoghan Finn, agus aon duine eile a bhí ag obair air seo, ar nós na heagrais dheonacha a bhí ag féachaint ar an díospóireacht agus na hiriseoirí a bhí ag déanamh tráchta uirthi. Beidh dualgas mór ar an Stát nuair a bheidh an Bille seo achtaithe cearta Gaeilgeoirí agus lucht na Gaeltachta a chosaint agus a shásamh. Tá súil againn gurb é seo tús na hoibre mar go bhfuil an-chuid oibre eile romhainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06