Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim mo bhuíochas go háirithe leis an bhfoireann. Níor cheart go raibh orthu a bheith ag obair go dtí 5 a chloig ar maidin ach sin mar atá sé. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá an ceart aige go raibh díospóireacht mhaith ann ach bheadh díospóireacht i bhfad níos fearr againn mura mbeadh an gilitín i gceist. Bhí an díospóireacht níos láidre gan dabht mar gheall ar obair an choiste agus rannpháirtíocht ó gach ball an choiste. Is é an Bille seo an chéad chéim chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe sna Gaeltachtaí. Gabhaim buíochas leis an bhfoireann uilig. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06