Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Seán Ó Fearghaíl (CC), Kildare South Déanaim comhghairdeas le chuile duine a bhí páirteach san iarracht seo. Tá súil agam go mbeidh an teanga, atá fíorthábhachtach dúinn ar fad, níos treise de bharr na reachtaíochta seo. Chuir an tAire in iúl go bhfuil sé ar intinn aige a iarraidh ar an gCeann Comhairle a threorú don Chléireach, de réir Bhuan-Ordú 196, an t-athrú seo a leanas a dhéanamh chun earráid chló i dtéacs an Bhille a cheartú: Ar leathanach 21, líne 12 – an focal “Tagartha” a chur in ionad an fhocail “Tagarth” --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06