Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation Dail Éireann — 2021-10-20 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Ba mhaith liom an bád lasta, nó cargo ship, a fhreastalaíonn ar Inis Meáin a ardú leis an Taoiseach. Bhí muintir Inis Meáin i dteagmháil liom ag rá nuair a bhris an aimsir anuraidh gur fágadh iad le droch-sheirbhís. Chaill siad suas le hocht dturas idir Deireadh Fómhair agus an Nollaig. I mbliana tá siad tar éis turas amháin a chailleadh cheana féin. Faigheann an Bád seo fóirdheontas ón Rialtas agus tá gnólachtaí Inis Meáin agus muintir Inis Meáin ag brath air. Iarraim ar an Taoiseach é sin a fhiosrú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:43+00:00 Sitting date: 2021-10-20