Departmental Schemes Dail Éireann — 2021-11-09 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 18 agus 19 le chéile. Áirítear leis seo cohórt foirne leordhóthanach a fhostú a bhfuil inniúlacht leordhóthanach acu an leibhéal seirbhíse a chomhlíonadh agus deiseanna a chur ar fáil chun cuidiú le baill fhoirne a n-eolas agus leibhéal úsáide a fheabhsú. Cé nach dtugann mo Roinn leibhéal suntasach éilimh faoi deara ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge, aithníonn sí an tábhacht atá le baill fhoirne a bheith ann atá líofa i nGaeilge agus atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus leanfaidh sí ina bhun sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:47+00:00 Sitting date: 2021-11-09