Departmental Schemes Dail Éireann — 2021-11-09 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá ról ceannaireachta ag oifig an Taoisigh agus tá deis an-mhaith aige cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn, ní hamháin sa tír seo ach go forleathan ar fud na cruinne. Tá ardán mór agus láidir ag an Taoiseach agus a oifig i measc pobal na Gaelainne ar fud na cruinne. Tá an cheathrú scéim teanga i bhfeidhm ina oifig faoin tráth seo. Bheadh athnuachan le déanamh air sin an bhliain seo chugainn agus bheadh athbhreithniú ar siúl faoin tráth seo. Tá an Rialtas ag tabhairt chun cinn Bille nua a athróidh an tslí go ndéantar láimhseáil ar na scéimeanna teanga agus mar sin de. Mar sin, ní bheinn ag súil go mbeadh aon athnuachan á dhéanamh ach beidh athbhreithniú le déanamh. Cad iad na buaicphointí atá le feiscint mar chuid den athbhreithniú atá an Rialtas ag déanamh? Cén dul chun cinn atá déanta maidir leis na scéimeanna éagsúla a bhí i bhfeidhm in oifig an Taoisigh? Can iad na spriocanna atá amach romhaibh? Tá sé in aigne leis an mBille nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa Státseirbhís ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaelainn. An bhfuil na huimhreacha sin nó an líon sin daoine ann cheana féin in oifig an Taoisigh nó cathain an bhfuil an Taoiseach ag súil a leithéid sin a bhaint amach? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:47+00:00 Sitting date: 2021-11-09