Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage Seanad Éireann — 2021-11-10 ============================================================ Barry Ward (FG), Industrial and Commercial Panel Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh an mBille seo freisin. Is Bille an-tábhachtach ar fad é seo. Tá a fhios agam go raibh an-díospóireacht sa Dáil ar an ábhar agus tá roinnt oibre déanta cheana féin air. Ag an am céanna, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin mBille freisin. I dtús báire, chun an fhírinne a rá leis an Aire Stáit, tá beagáinín eagla orm faoin gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge atá sa Bhille seo. An fíorchoiste atá i gceist anseo? An bhfuil sé chun rud éigin a dhéanamh faoin nGaeilge nó an bhfuilimid ag labhairt faoi quango eile nach bhfuil chun an obair sin a dhéanamh? Caithfimid a bheith cúramach leis sin. Feicimid go bhfuil roinnt rudaí sa Bhille a chuireann an coiste sin ar bun ach caithfimid a bheith cinnte de go bhfuil sé chun rud éigin a dhéanamh do phobal labhartha na Gaeilge. Go pearsanta, déanaim idirdhealú i gcónaí idir Ghaeilgeoir, duine a labhraíonn Gaeilge, a rugadh sa Ghaeltacht agus a labhraíonn Gaeilge sa bhaile, agus duine cosúil liomsa atá in ann Gaeilge a labhairt ach nach bhfuil seans aige an Ghaeilge a labhairt gach lá, go háirithe i nDáilcheantar cosúil le Dún Laoghaire. Deirim an t-am ar fad go bhfuil níos mó daoine i nDún Laoghaire a labhraíonn Gaeilge gach lá ná in aon áit eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht. Chun an fhírinne a rá, nílim cinnte go bhfuil sé sin fíor nó nach bhfuil----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-10/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:47+00:00 Sitting date: 2021-11-10