Seirbhísí trí Ghaeilge Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá go leor cruinnithe idir mo Roinn agus na Ranna eile. Mar is eol don Teachta, táimid ag iarraidh an bhunlíne sin a fheabhsú agus na seirbhísí sa Státchóras a neartú ar fud na tíre. Le hachtú an Bhille seo, tá i gceist go ndéanfar deireadh a chur leis na córais scéimeanna teanga agus córas nua a chur i bhfeidhm a bhaineann úsáid as na rialacháin an caighdeán teanga a leagan síos do na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an teanga. Tá oifigigh mo Roinne i mbun dréachtú na gcaighdeán seo faoi láthair. Bhíomar ag caint faoi na caighdeáin nua tríd an bpróiseas nuair a bhí an Bille os comhair na Dála mar is eol don Teachta ach táimid ag iarraidh an bhunlíne sin agus struchtúr nua a chur ann chun an Státchóras a fheabhsú. Beidh coiste comhairleach agus struchtúr nua ann agus tabharfaidh an Bille teachtaireacht an-tábhachtach do dhaoine óga go mbeidh go leor deiseanna nua sa Státchóras agus go mbeidh an bhunlíne sin i bhfad níos fearr amach anseo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11