Seirbhísí trí Ghaeilge Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ní chóir dúinn a bheith ag fanacht ar an gcoiste comhairleach nó ar an mBille nó fiú ag úsáid an Bille gan bogadh ar aghaidh faoi láthair. Neartóidh an Bille ceist na Gaeilge agus tá súil againn go mbeidh seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Mura mbeadh sin i gceist bheadh mise ag vótáil ina choinne. Táim den tuairim go gcuideoidh sé agus go neartóidh sé cás na teanga. Ní théann an Bille chomh fada agus atá mise ag iarraidh agus táimid fós ag fanacht ar na dréachtchaighdeáin a fheiscint. B'fhéidir nach bhfeicfidh muid iad go ceann tamall eile. D'ardaigh mé an cheist seo a leanas le linn na díospóireachta sin: cad é an straitéis maidir le déagóirí atá sna scoileanna faoi láthair nó maidir leo siúd atá ag lorg oideachais i nGaelcholáistí nach ann dóibh? Caithimid iarracht a dhéanamh gairmoideachas a thabhairt dóibh agus iad a mhealladh i dtreo na seirbhísí poiblí agus i dtreo na Státseirbhíse ionas gur féidir leo, atá Gaeilge acu cheana, na seirbhísí sin a chur ar fáil amach anseo. Níl aon straitéis ann ó thaobh earcaíochta de nó ó thaobh oideachais de chun daoine a mhealladh i dtreo post as Gaeilge amach anseo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11