Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá sé soiléir anois go bhfuil athbhreithniú i gceist, go bhfuil an chéad chéim críochnaithe agus go bhfuil an t-údarás i mbun oibre leis an dara céim. Cén uair a thosaigh an t-athbhreithniú seo agus cathain a bheidh sé críochnaithe? Cé atá i mbun oibre: an próiseas inmheánach nó a bhfuil foireann sheachtrach i gceist? Tá an t-ábhar seo thar a bheith tábhachtach. Mar is eol don Aire Stáit, tá ardmheas ag muintir na Gaeltachta ar fud na tíre ar obair Údarás na Gaeltachta. Bhí beagnach 8,000 duine fostaithe aige faoi dheireadh 2020. Níl mé ag iarraidh aon rud a rá faoin údarás ach amháin go bhfuil trí ghné de na freagrachtaí atá air: a bheith tiomanta don Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn; an pobal a chothú sna Gaeltachtaí; agus fostaíocht. Tá trí ghné i gceist agus, mar chúlra do mo cheist, tá mise ag díriú ar thábhacht na Gaeilge i measc na monarchana. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11