Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar is eol don Teachta, tá straitéis nua ag Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chothú agus a neartú ar fud na tíre, agus bhí mé i nDún na nGall chun é a fhoilsiú i rith an tsamhraidh. Tríd an mbuiséad nua agus buiséad na bliana seo chugainn, ba mhian leis an údarás an straitéis seo a chur i bhfeidhm. Tá sé i mbun athbhreithnithe agus ag dul trí na céimeanna chun an taighde a dhéanamh faoi láthair. Tá an t-údarás ag iarraidh an taighde seo a chríochnú, chun monatóireacht níos éifeachtaí a dhéanamh, chomh luath agus is féidir. Níl dáta agam nuair a bheidh an taighde seo críochnaithe. Tá an próiseas seo atá á chur i gcrích an-tábhachtach. Beidh mé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta agus b’fhéidir go mbeidh dáta aige. Fad is atá an t-údarás i mbun an taighde seo, tá sé tábhachtach go mbeadh sé i dteagmháil le gach cliantchomhlacht chun an obair seo a dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11