Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá an straitéis sin ar eolas agam agus tá sí léite agam agus tuigim go bhfuil cúig chuspóir faoi leith inti. Is é an rud is tábhachtaí ná go gcuirtear tús leis an taighde. Tá sé tábhachtach a chur in iúl dom cén uair a thosaigh an taighde agus cathain a bheidh sé críochnaithe, agus an bhfoilseofar é. Is cuid lárnach é seo den ról atá aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní raibh monatóireacht éifeachtach i gceist go dtí seo. Ar a laghad tá sé sin admhaithe ag Údarás na Gaeltachta anois agus tá tús curtha leis an bpróiseas seo. Tá sé tábhachtach fostaíocht a mhealladh; gan é ní bheadh Gaeltacht ann. Chomh maith leis sin, gan an polasaí ceart ó thaobh na teanga de, ní bheadh Gaeltacht ann ach oiread. Tá an dá rud fite fuaite le chéile. Is é seo an chéad uair a bhfuil monatóireacht éifeachtach i gceist. Tá sé tábhachtach soiléiriú a thabhairt dom. Cén uair a thosaigh an taighde? Cén uair a bheidh sé críochnaithe? Cé atá taobh thiar de? An bhfoilseofar na torthaí? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11