Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a dúirt mé, tá sé curtha in iúl dom ag an údarás go bhfuil an chéad chéim críochnaithe den athbhreithniú inmheánach seo ar na córais agus ar an gcur chuige atá i bhfeidhm. Maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí, mar thoradh ar an gcéad chéim sin, tá sraith moltaí curtha le chéile chun feabhas a chur ar an bpróiseas seo ar fad, ní hamháin chun pleananna teanga a fhorbairt agus a aontú leis na cliantchomhlachtaí, ach chun monatóireachta níos éifeachtaí a dhéanamh orthu. An dara céim atá le glacadh ag an údarás mar chuid den athbhreithniú ná taighde a dhéanamh leis na cliantchomhlachtaí agus a gcuid fostaithe maidir lena gcuid smaointe chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí, go hinmheánach agus go seachtrach. Tuigtear dom go bhfuil tús curtha leis an obair seo. Is í an chéim dheiridh ná na moltaí a eascraíonn as an taighde seo a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis na spriocanna teanga a bhaint amach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11