Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Fáiltím roimh an dea-scéal go bhfuil suas le €100,000 faofa do chathair na Gaillimhe mar aitheantas ar na dúshláin bhreise a bhaineann léi ach bhain mo cheist le stádas phlean teanga Oileáin Árann agus Ghaeltacht an Láir. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go mbeidh siad faofa gan rómhoill. Táimid ag cloisteáil an freagra ceannann céanna le bliain anuas. Cén uair go cruinn a bheidh na pleananna faofa ag Roinn an Aire Stáit? Cén fhad atá sé os a chomhair? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11