Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a luaigh mé, tá na pleananna don dá limistéar pleanála teanga faoi leith, Oileáin Árann agus Gaeltacht an Láir, á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair. Bhí deis agam le gairid plean teanga Oileáin Árann a phlé le hionadaithe na n-oileán nuair a bhí mé sna Forbacha cúpla seachtain ó shin. Bhí cruinniú maith agam leis an ngrúpa sin. Tá an próiseas seo ar siúl anois. Beidh an grúpa sin ag dul ar ais go dtí Oileáin Árann chun na ceiste agus an chiste seo a phlé. Tá na hoifigigh i dteagmháil leo. Nuair atá siad ar ais, tá súil agam go mbeimid in ann an plean seo a chríochnú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11