Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim buíochas as an soiléiriú sin. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit agus a oifigigh i mbun oibre ach tá práinn leis seo. Is í mo cheist go díreach ná cén fhad atá na pleananna os comhair an Aire Stáit nó os comhair na Roinne. Baineann an próiseas pleanála teanga leis an nGaeilge a chothú, a neartú agus a láidriú, toisc go bhfuil stádas na Gaeilge i mbaol. Tá sé sin aitheanta againn go léir agus ag an lucht acadúil. Seo cuid den phróiseas don 26 limistéar pleanála teanga. Cé mhéad atá ag feidhmiú agus cén uair a bheidh an dá phlean seo faofa? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11