Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2021-11-11 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a dúirt mé, beidh siad críochnaithe. Bhí cruinniú maith againn leis an ngrúpa seo agus beidh muid ar ais. Tá na hoifigigh sna Forbacha i dteagmháil leis an ngrúpa seo chun an plean seo a aontú. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an plean seo aontaithe agus go mbeidh muid in ann é a chur i bhfeidhm sna hOileáin Árann, mar shampla. Tá na hoifigigh i dteagmháil leo agus tá súil agam go mbeidh muid in ann é a chríochnú chomh luath agus is féidir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:48+00:00 Sitting date: 2021-11-11