Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Pléifimid leasuithe Uimh. 2 agus 3 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna atá siad. Tá leasú Uimh. 3 á mholadh ag Sinn Féin agus ag na Seanadóirí Kyne agus Clifford-Lee. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as an leasú a mholadh don Teach. Tá an cheist seo pléite ag oifigigh mo Roinne le Conradh na Gaeilge le seachtainí beaga anuas. Dá bharr sin, ba mhaith liom go mbeidh sé sonraithe sa Bhille gur daoine "ón mbainistíocht shinsearach" den chomhlacht a cheapfar chun formheas a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chomhlachta faoin Acht agus tuarascáil a thabhairt don ionadaí, de réir mar is cuí, i ndáil le hoibleagáidí an chomhlachta faoin Acht agus lena chinntiú go ndéanfar achomharc ar aon cheann de na nithe arna dtuairisciú dó nó di de réir mhír ar áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, molaim leasú Uimh. 2 don Teach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as leasú Uimh. 3 a mholadh don Teach, ach táim ag tabhairt mo leasú féin, leasú Uimh. 2, ar aghaidh anseo. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeidh na Seanadóirí sásta leasú Uimh. 3 a tharraingt siar. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24