Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Aire Stáit. Fáiltíonn Sinn Féin go bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an moladh seo ó Chonradh na Gaeilge. Mar sin, táimid sásta leasú Uimh. 3 a tharraingt siar agus glacadh le leasú Uimh. 2. Is é an rud céanna atá i gceist leo, mar atá ráite ag an Aire Stáit. Bheinn buíoch as soiléiriú a fháil ón Aire Stáit mar gheall ar an alt seo. An féidir leis an t-idirdhealú idir príomhoifigeach agus ceann comhlachta poiblí a mhíniú dúinn? Ón léamh atá againn ar an leasú seo, ní cheapfar ceann comhlachta poiblí ach nuair nach bhfuil príomhoifigeach ann, mar chineál róil sealadaigh le linn folúntais. Más fíor sin, is ait é go bhfuil an dualgas atá curtha sa leasú chun formhaoirseacht teanga a roghnú ag baint leis an gceann comhlachta sealadach amháin agus gan dualgas ar bith ann ar ghnáth-phríomhoifigigh. An gciallaíonn se sin nach mbeidh daoine roghnaithe de ghnáth chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ndualgas teanga seachas le linn fholúntais in oifig an phríomhoifigigh? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24