Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Fágfaidh mé leis an Seanadóir Mullen an Fhraincis a labhairt. In aonaid phoiblí, san ionad oibre, i gcás earraí a cheannach sna siopaí nó leas a bhaint as seirbhísí nó sa chóras oideachais, is é seo an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Ba chóir dúinn foghlaim ó sin in áit pholasaí "English first" a bheith i bhfeidhm de ghnáth i ngach ceann de na hearnálacha seo. Ní féidir copy agus paste a dhéanamh ach oiread mar tá riachtanais ar leith ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachtaí nach bhfuil ag pobal na Fraincise i gCeanada. Is é sin an fáth go bhfuil tuairisc á lorg againn chun moltaí agus spriocanna ama réalaíocha agus pobalbhunaithe a chur chun cinn agus ár ngealltanais mar Stát don Ghaeltacht agus do phobal labhartha na Gaeilge a chomhlíonadh agus a chur i scríbhinn sa reachtaíocht seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24