Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Maidir leis na heagraíochtaí príobháideacha, iarraim ar an Aire Stáit an bhfuil nó an mbeidh liosta fógartha leis an mBille maidir leis na coistí poiblí a bheidh i gceist anseo agus a bhaineann leis an mBille seo. Tá a fhios agam go mbeidh na comhairleoirí contae agus cathrach, Uisce Éireann agus grúpaí mar sin i gceist. Tá a fhios agam go raibh plé ann agus go raibh an Roinn chun obair a dhéanamh chun níos mó comhlachtaí nó eagraíochtaí a chur ar an liosta sin. An bhfuil an obair sin déanta nó an mbeidh sé leagtha amach in aguisín leis an mBille seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24