Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 5 toisc gur ghnó é de Thithe an Oireachtais gach Bille agus gach Acht an Oireachtais a chur i gcló agus a fhoilsiú sa teanga oifigiúil. Tuigim go bhfuil iarrachtaí ar bun chun tuilleadh acmhainní a dhíriú ar an obair aistriúcháin seo agus is céim thábhachtach í seo a léiríonn don phobal go bhfuil deiseanna fostaíochta ar fáil in earnáil na Gaeilge agus sa státchóras. Mholfainn don Seanadóir teagmháil a dhéanamh le Coimisiún Thithe an Oireachtais chun an cheist seo a ardú freisin. Níl i gceist agam glacadh leis an leasú seo dá bharr. Tagraím don cheist a d'ardaigh an Seanadóir Kyne cheana. Rinneadh uasdátú ar an sceideal anuraidh agus tá sé ar fáil faoi rialachán cheana féin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24