Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní féidir liom glacadh le moladh an tSeanadóra sa chás seo mar go dtiteann an leasú seo taobh amuigh de scóip an Achta, is é sin taobh amuigh de ghnó na hearnála poiblí. Chomh maith leis sin, is gnó don chúirt é a chinntiú go bhféadfadh aon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is ansa don duine sin. Má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair na cúirte, baineann an Stát nó an comhlacht poiblí úsáid as an teanga oifigiúil, Béarla nó Gaeilge, atá roghnaithe ag an bpáirtí eile. Más rud é go bhfuil na dualgais seo á shárú ag comhlacht poiblí, ba chóir gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga mar go bhfuil sé de cheart ag daoine faoin Acht é sin a dhéanamh. Anuas air sin, bheinn den tuairim go mbeadh a leithéid de leasú ag teacht salach ar neamhspleáchas ár gCoimisinéra Teanga. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an Coimisinéir neamhspleách ina chuid feidhmeanna. Tá feidhmeanna an Choimisinéara leagtha síos san Acht cheana in alt 21. Beimid ag cur leo sin agus beidh sé de chumhacht ag an gCoimisinéir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúil ag comhlacht poiblí. Is dul chun cinn mhór a bheidh anseo d'Oifig an Choimisinéara. Beidh an tseirbhís trí Ghaeilge trasna an chórais Stáit i bhfad níos láidre faoi 2030, an Roinn Dlí agus Cirt agus an tSeirbhís Chúirteanna san áireamh. Ar an mbunús sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24