Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní thagann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, atá faoi scáth na Roinne Iompair, faoi scóip an Bhille seo nó scóip an phríomh-Achta. Tuigtear dom, áfach, gur chuir an Roinn Iompair scéim phíolótach ar bun ar an ábhar atá ardaithe ag an Seanadóir roinnt blianta ó shin ach níor leanadh ar aghaidh leis sin. Is féidir liom deimhniú don Seanadóir gur phléigh mé an cheist seo leis an Aire píosa siar agus d’iarr mé air athbhreithniú a dhéanamh air. Leagtar amach sa Bhille na cumhachtaí atá ag an Aire maidir le hordú logainmneacha. Glacadh le leasuithe breise a mhol mé sa Dáil maidir le logainmneacha ar Chéim na Tuarascála sa Teach sin. Leis na leasuithe sin, leagtar amach foráil maidir leis an gcoiste logainmneacha a bhunú mar choiste reachtúil. Déantar foráil maidir le rúnaíocht a bheith á sholáthar ag an Aire agus déantar foráil maidir le saineolaithe i réimse na logainmneacha Gaeilge, stair na hÉireann agus Gaeilge a bheith ina gcomhaltaí den choiste. Ina theannta sin, tugtar feidhm don choiste comhairle a thabhairt don Aire maidir le logainmneacha. Anuas air sin, tabharfaidh an Bille éifeacht do leasuithe a bhfuil gá leo mar gheall ar dheireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha, mar a fhoráiltear sa phlean don athchóiriú ar an tseirbhís phoiblí 2011. Tá coiste logainmneacha á chur in ionad an Choimisiúin Logainmneacha agus tabharfaidh an coiste sin comhairle don Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24