Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tairiscint ghníomhach, go háirithe chun daoine a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh agus a úsáid. Tuigim go bhfuil an tairiscint ghníomhach mar chuid lárnach den chur chuige ó thaobh cúrsaí teanga de sa Bhreatain Bheag. Ba mhaith liom cinntiú go ndéanfaimid amhlaidh anseo in Éirinn agus dá bhrí sin táim ag súil go mbeidh an tairiscint ghníomhach luaite go sonrach sna caighdeáin teanga atá á réiteach agus atá le teacht in áit córas na scéimeanna teanga. Tá oifigigh mo Roinne i mbun oibre ar na dréachtchaighdeáin i láthair na huaire agus táim dóchasach go mbeidh siad ar fáil go luath. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24