Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel De réir mar a thuigim, faigheann an leasú seo réidh leis an deis atá againn rialacháin a dhéanamh maidir le hábhar agus leagan amach fógráin, cé go bhfuil forálacha molta sa Bhille anois, toisc gur éist an tAire Stáit le hargóintí Shinn Féin sa Dáil, maidir le hábhair mhargaíochta, rud a chuimseoidh fógráin a bheith clúdaithe faoin Acht ionas go mbeidh dátheangachas i gceist. Níl aon rud sa Bhille faoi leagan amach na cumarsáide sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh an Béarla chun tosaigh i gcló mór agus píosa beag bídeach Gaeilge ar chúl ag an mbun i gcló beag iodálach. Is é sin an fáth go bhfuil leasú Uimh. 10 molta aige ag Sinn Féin, chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge chun cinn. Tá tacaíocht traspháirtí ag an leasú seo, atá bunaithe ar mholadh Chonradh na Gaeilge. An mbeidh an tAire Stáit in ann tacaíocht a thabhairt do leasú Uimh. 10? Gan an tacaíocht sin, bheadh sé an-doiligh tacaíocht a thabhairt don leasú seo, leasú Uimh. 9. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24