Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim leasú Uimh. 10: I leathanach 11, líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “a bheidh an chumarsáid.”: “I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid, cinnteoidh an comhlacht poiblí: (a) go mbeidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús, (b) go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chlófhoireann chéanna agus den chló céanna agus den stíl chéanna, (c) nach mbeidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla, (d) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl, (e) nach ndéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin.”. Tá an leasú seo ag teacht ó Chonradh na Gaeilge. Tá sé mar atá scríofa ansin. Déanann sé an-chiall, maidir le cúrsaí cumarsáide, go mbeidh aon chumarsáid dhátheangach a dhéanfaidh comhlacht poiblí leis an bpobal cothrom ó thaobh leagan amach agus ó thaobh mhéid an téacs Gaeilge agus Béarla de. Déanann sé an-chiall mar atá scríofa agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24