Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht an leasaithe seo a leagan síos. Mar is eol don Seanadóir, de réir leasú a mhol mé ar Chéim Thuarascála na Dála ar alt 9(2), leathnaíodh oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí i gcás ina ndéanfaidh daoine cumarsáid leo i scríbhinn nó le ríomhphost i dteanga oifigiúil freagra a thabhairt sa teanga chéanna chuig cásanna ina ndéanann daoine cumarsáid le comhlacht poiblí trí na meáin shóisialta. Faoi Alt 9(3) den Acht, cinnteoidh comhlacht poiblí i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn nó le ríomhphost leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme go bhfuil an chumarsáid sin i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla. Leathnófar an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal chun comhlacht poiblí nó a chuid seirbhísí a chur chun cinn. Is fiú a lua freisin go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair ar an dréachtchaighdeán i láthair na huaire agus bheinn den tuairim gur chóir na moltaí sonraithe atá sa leasú seo a bheith luaite sa chaighdeán. Ar an lámh eile, sílim go bhfuil fiúntas leis an moladh seo agus go bhfuil sé i gcomhréir le huaillmhian bheartas foriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Sa chúinse sin, tá mé sásta an moladh atá déanta a athbhreithniú agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Sa chúinse sin, b’fhéidir go mbeidh na Seanadóirí sásta an leasú seo a tharraingt siar. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24