Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Tá a lán tábhachta ag baint leis an leasú seo. Le bheith ionraic, bhí sé ar intinn agam é a bhrú chun vóta mar gheall ar an méid sin tábhacht a bhaineann leis. Tá súil agam, mar atá geallta ag an Aire Stáit inniu, go dtiocfaidh sé ar ais le leasuithe ar an gcéad Chéim eile a bheidh sáite i gcuspóirí agus aidhmeanna an leasaithe seo agus na cuspóirí atá againn ar bhonn traspháirtithe, mar atá aitheanta ag an Seanadóir Kyne. Táimid go léir ag iarraidh iad a bhaint amach. Ní domsa amháin atá sé an leasú seo a tharraingt siar inniu mar gheall go n-aithním fosta gur tháinig sé ó Chonradh na Gaeilge agus gur rud iontach tábhachtach é dóibh siúd. Déarfainn go bhfágfainn an cinneadh sin faoin Seanadóir Kyne. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24