Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim leasú Uimh. 11: I leathanach 11, líne 14, “féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad: “déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, gach comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo faoin 31 Nollaig 2024.”. Tá an leasú seo ag teacht ó Chonradh na Gaeilge agus bunaithe ar an obair atá déanta acu agus a dhéanann siad i gcónaí maidir leis an nGaeilge ach go mórmhór leis an mBille seo. Tá siad ag moladh go sonrófar spriocdháta ionas go mbeidh uasdátú ar an gcóras faisnéise agus eile déanta chun a chinntiú gur féidir glacadh leis na hainmneacha agus seoltaí i nGaeilge le síntí fada san áireamh. Tá sé mar atá scríofa ansin. Sílim go ndéanfaidh sé ciall arís. Fanfaidh mé le smaointe an Aire Stáit maidir leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24