Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Is mian liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht leasú Uimh. 11. Baineann an fhoráil seo le cearta an duine an leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid chun seoladh nó teideal Gaeilge a úsáid. San alt seo sa Bhille, leasaítear alt 9 den phríomh-Acht agus tugtar isteach le halt 9A dualgas ar chomhlachtaí poiblí forordaithe a éascú go príomha trí choigeartú a dhéanamh ar an gcóras teicneolaíochta faisnéise chun go ndéanfar ainm, lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm, seoladh nó teideal i nGaeilge a úsáid. Tá tábhacht chultúrtha ag baint leis an bhforáil seo i limistéir Ghaeltachta ina gnách an fhoirm athartha nó an fhoirm mháthartha d’ainm pearsanta aonair a úsáid i nGaeilge. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile, tá sé an-tábhachtach na hainmneacha seo a chosaint. Tá sé i bhfad níos éifeachtaí an t-ábhar seo a láimhseáil trí na caighdeáin atá á ndréachtú ag oifig mo Roinne. Faoin phlean náisiúnta, déanfar próiseas comhairliúcháin chun a chinntiú go mbeidh ionchur ag príomhpháirtithe leasmhara sna spriocdhátaí a leagfar síos. Dar ndóigh, leagfar síos spriocdhátaí éagsúla sa chaighdeán le haghaidh grúpaí éagsúla ag brath ar an leibhéal idirghníomhaíochta leis an bpobal, agus le himeacht ama feicfear an-dul chun cinn sa státchóras. Creidim go láidir go mbeidh dul chun cinn suntasach déanta againn leis na spriocdhátaí roimh dheireadh na bliana agus ní theastaíonn uaim an spriocdháta sin a bheith sonraithe san Acht. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24