Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Ba mhaith liom soiléiriú a fháil. Mar a dúradh mar gheall ar an leasú deireanach, an bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt coimitmint arís go dtiocfaidh sé ar ais ar an chéad Chéim eile chun déileáil leis an gceist seo? Tuigim a dúirt an tAire Stáit faoin dáta ach tá na bunphrionsabail atá sa leasú seo tarraingthe ar réiteach. Bheadh sé iontach tábhachtach dúinn a thairg an leasú seo, ach níos tábhachtaí fós dóibh siúd atá ag breathnú ón taobh amuigh agus nach bhfuil an ceart acu a n-ainmneacha fíor a úsáid sna cásanna seo, dá dtiocfadh leis an Aire Stáit a shoiléiriú an mbeidh sé ag teacht ar ais le leasú eile ar an chéad Chéim eile. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24