Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Is mian liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht an leasaithe seo. Mar a luaigh mé nuair a phléigh muid leasú Uimh. 11, baineann foráil 9(1) le ceart an duine leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid, chomh maith le seoladh nó teideal Gaeilge. Ceanglófar ar chomhlachtaí poiblí éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge agus iad ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí, agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha agus lógónna Gaeilge nó dátheangach a bheith acu. Díríonn leasú Uimh. 12 ar ní nach bhfuil ag luí isteach le sprioc an Bhille, sé sin, nach gá go mbainfidh leagan ainm i dteanga oifigiúil amháin le leagan ainm sa teanga oifigiúil eile. Creidim go mbeadh muid ag dul lasmuigh de scóip an Bhille dá nglacfainn leis an leasú seo. Táim sásta go bhfuil na forálacha atá molta ag an Rialtas i leith ainmneacha agus seoltaí Gaeilge sásúil, agus ar an mbonn sin ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24