Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim leasú Uimh. 15: I leathanach 15, líne 32, “nó i nGaeilge agus i mBéarla araon” a scriosadh. Arís, seo leasú a tháinig ó Chonradh na Gaeilge. Chinnteodh sé go mbeadh na lógónna ag comhlachtaí poiblí nua as Gaeilge amháin, le spreagadh breise a thabhairt don teanga. Tá a fhios agam go bhfuil moltaí ann do chomhlachtaí atá againn faoi láthair go mbeadh na lógónna dátheangach ach táimid ag moladh anseo go mbeadh lógónna comhlachtaí poiblí nua as Gaeilge amháin. Ceann de na comhlachtaí poiblí a chuala muid faoi le deireanaí ná Uisce Éireann. Is mór an náire nach n-úsáideann sé an t-ainm sin amháin, seachas a bheith ag úsáid Irish Water. Tá tuiscint ag chuile dhuine ar Uisce Éireann. Tá sé simplí é a úsáid agus ní gá dhá ainm a úsáid. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24