Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Mar atá ráite ag an Seanadóir Kyne, baineann na leasuithe seo le lógónna a bheith i nGaeilge amháin, mar atá molta ag Conradh na Gaeilge, chun spreagadh eile a thabhairt don Ghaeilge. Feictear go minic fiú nuair atá lógónna dátheangach agus tá an dá theanga in úsáid ann go mbíonn an Béarla úsáidte de ghnáth. Baineann sé seo le cumarsáid an Rialtais freisin. Chonaiceamar an tseachtain seo gur fógraíodh go mbeidh Atlantic Technological University bunaithe an bhliain seo chugainn nó "Ollscoil Teicheolaíochta an Atlantaigh" mar a bhí scríofa in aice leis i bpreasráiteas an Rialtais. Ní hamháin go raibh botún litrithe sa Ghaeilge ar an bpreasráiteas sin ón Aire, an Teachta Harris, ach léirigh sé nach mbeidh an Ghaeilge sa teideal ná ar an lógó ach ina maisiú. Ba chóir go mbeadh teideal Gaeilge mar bhunteideal sa ghnáthúsáid. Is é seo an meon nach dtuigeann an Rialtas. Níl gá leagan le Béarla. D'éirigh le Córas Iompar Éireann, CIÉ, gan aon leagan Béarla. D'éirigh le Bord na Móna gan aon leagan Béarla. D'éirigh leis An Garda Síochána gan leagan Béarla, cé go mbíonn fotheidil Béarla in úsáid go minic aige anois gan chúis. Tuigeann gach duine cé hiad CIÉ, Bord na Móna agus na gardaí. Ní gá le Senate Ireland a thabhairt ar an Seanad seo ach is cosúil go mbeidh sé sin scríofa ar aon lógó againne seolta ag an Rialtas seo. Is leor "Seanad" agus táimid bródúil as a bheith inár Seanad. Ba chóir go mbeadh an meon seo ag an Stát arís agus muinín aige sa Ghaeilge agus ba chóir don Seanad é sin a chur in iúl don Rialtas tríd an leasú seo a ghlacadh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24