Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Pléifidh mé leasuithe Uimh. 15 agus 16 le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Déanann alt 9C cur síos ar dhualgas comhlachtaí poiblí maidir le lógónna nua, go príomha, go gcaithfidh an téacs atá le húsáid ag comhlachtaí poiblí na lógónna a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Thóg mé leasú chun cinn ar Chéim Thuarascála na Dála ag deimhniú gur i nGaeilge a bheidh ainm aon chomhlacht reachtúil a bhunófar. Tá sé tábhachtach go mbeidh dátheangachas ann freisin maidir le comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe. Ba mhaith liom a threisiú nach mbeidh aon chúlú ann ó thaobh na Gaeilge de ach go mbeidh an fheiceálacht chéanna ag an teanga agus atá ag an mBéarla. Dá bhrí sin, tá mé muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht, mar atá sé, sásúil agus ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24